Artwork

Contenido proporcionado por Conradh na Gaeilge i Londain. Todo el contenido del podcast, incluidos episodios, gráficos y descripciones de podcast, lo carga y proporciona directamente Conradh na Gaeilge i Londain o su socio de plataforma de podcast. Si cree que alguien está utilizando su trabajo protegido por derechos de autor sin su permiso, puede seguir el proceso descrito aquí https://es.player.fm/legal.
Player FM : aplicación de podcast
¡Desconecta con la aplicación Player FM !

5 Lúnasa 2023 (Maigh Eo)

4:35
 
Compartir
 
Manage episode 374061488 series 2770343
Contenido proporcionado por Conradh na Gaeilge i Londain. Todo el contenido del podcast, incluidos episodios, gráficos y descripciones de podcast, lo carga y proporciona directamente Conradh na Gaeilge i Londain o su socio de plataforma de podcast. Si cree que alguien está utilizando su trabajo protegido por derechos de autor sin su permiso, puede seguir el proceso descrito aquí https://es.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileonachta fheidearálacha, a bhí sa díotáil a chum an t-abhcóide speisialta Jack Smith. Is iad na cúiseanna ná comhcheilg chun calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe; comhcheilg chun bac a chur ar imeacht oifigiúil; bac a chur, agus iarracht bac a chur, ar imeacht oifigiúil; agus comhcheilg i gcoinne na gceart. D’iarr Smith ar Mheiriceánaigh an díotáil a léamh.

Tá craobhacha na hÉireann, san iománaíocht agus sa pheil, thart anois do 2023, agus bhí an dá thoradh stairiúil go leor. San iománaíocht, bhuaigh Luimneach den cheathrú huair i ndiaidh a chéile. Leis an ngaisce sin tá siad i gcomhluadar laochra is mó na hiománaíochta, foireann Chorcaí ar a raibh Christy Ring ó 1941-44 agus foireann Chill Cheannaigh ó 2006-2009. Sa pheil, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus anois tá naoi mbonn peile uile-Éireann ag triúr den fhoireann, James McCarthy, Stephen Cluxton agus Michael Fitzsimons, níos mó ná aon pheileadóir eile riamh. Tá na cluichí ceannais sa chamógaíocht agus i bpeil na mban fós le himirt.

Fós leis an spórt, i gCorn Domhanda na mBan sa pheil, tá babhta na ngrúpaí thart, agus tar éis iarracht cróga i ngrúpa deacair, d’fhill foireann na hÉireann abhaile inné. Bhí na mílte ag fanacht leo ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. I measc na bhfoirne eile atá ag dul abhaile ag an gcéim seo tá an Bhrasaíl, lena réalta Marta tar éis a cluiche dheireanaigh, ina séú Corn Domhanda, a imirt; agus an Ghearmáin, toradh nach rabhthas ag súil leis. Cé gur bhuaigh siad 6-0 ar Mharacó sa ghrúpa, rachaidh Maracó ar aghaidh ina n-áit mar gheall ar na torthaí eile.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

díotáil - indictment

cúis feileonachta - felony charge

comhcheilg - conspiracy

calaois - fraud

gaisce - feat

bonn - medal

  continue reading

233 episodios

Artwork

5 Lúnasa 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconCompartir
 
Todos los episodios

×
 
Loading …

Bienvenido a Player FM!

Player FM está escaneando la web en busca de podcasts de alta calidad para que los disfrutes en este momento. Es la mejor aplicación de podcast y funciona en Android, iPhone y la web. Regístrate para sincronizar suscripciones a través de dispositivos.

Guia de referencia rapida