Artwork

Contenido proporcionado por Conradh na Gaeilge i Londain. Todo el contenido del podcast, incluidos episodios, gráficos y descripciones de podcast, lo carga y proporciona directamente Conradh na Gaeilge i Londain o su socio de plataforma de podcast. Si cree que alguien está utilizando su trabajo protegido por derechos de autor sin su permiso, puede seguir el proceso descrito aquí https://es.player.fm/legal.
Player FM : aplicación de podcast
¡Desconecta con la aplicación Player FM !

21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach)

6:28
 
Compartir
 
Manage episode 441078132 series 2770343
Contenido proporcionado por Conradh na Gaeilge i Londain. Todo el contenido del podcast, incluidos episodios, gráficos y descripciones de podcast, lo carga y proporciona directamente Conradh na Gaeilge i Londain o su socio de plataforma de podcast. Si cree que alguien está utilizando su trabajo protegido por derechos de autor sin su permiso, puede seguir el proceso descrito aquí https://es.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh breise i gceist. Tá sé ina thacadóir glórach don Úcráin, tar éis dó a bheith faoi agallamh ag an BBC roimhe seo ar an ábhar agus ag rá go poiblí go raibh sé ag iarraidh saighdiúirí Afganastánacha a earcú chun bogadh go dtí an Úcráin. Tá leabhar ar an ábhar foilsithe aige ar Amazon freisin. Labhair Trump go poiblí an lá tar éis na hiarrachta feallmharaithe, ag moladh na Seirbhíse Rúnda as sár-jab a dhéanamh agus ag cur an mhilleáin faoin dá iarracht feallmharaithe ar “reitric” ó na Daonlathaigh a thug “baol don daonlathas”, dar le Trump.

Bhí dhá bhabhta pléascanna sa Liobáin an tseachtain seo a bhain úsáid as gléasanna leictreonacha. Phléasc na mílte glaoirí agus siúlscéalaithe de chuid Hezbollah, maraíodh tríocha dó duine agus gortaíodh na mílte. Ní dhearna Iosrael trácht go sonrach ar na hionsaithe ach thug sé faoi deara níos luaithe an tseachtain seo go raibh sé ag dul isteach i “gcéim nua sa chogadh”, mar a bhog a chuid trúpaí ó thuaidh go dtí an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Níl sé soiléir cé chomh díreach agus a phléasc na gléasanna, le roinnt ag éileamh go raibh insíothlú déanta ag Iosrael ar an gcóras déantúsaíochta chun pléascáin a phlandáil laistigh de na gléasanna sular shroich siad Hezbollah. Gheall Hezbollah, as a chuid féin, freagra a thabhairt.

Cháin grúpa príomhoidí atá ag obair i mBaile Átha Cliath tuarascáil ón OECD a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais chun feidhmíocht na hÉireann maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste i scoileanna a mheas. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil difríochtaí fós i dtorthaí idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile agus daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Rud amháin a cháin na príomhoidí, áfach, ná go raibh an tuarascáil ag brath go príomha ar fhéintuairisciú na Roinne Oideachais, go raibh na moltaí gan samhlaíocht agus doiléir, agus nár tugadh cuairt ach ar shé scoil le linn tréimhse seachtaine sa bhliain fiche trí. Tá an grúpa ag iarraidh leibhéal nua tacaíochtaí deis a chur i bhfeidhm ag an roinn chun freastal ar riachtanais a gcuid scoileanna.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

feallmharú - assassination

amhrastach - suspect

coireanna gunna cónaidhme - federal gun crimes

glaoirí agus siúlscéalaithe - pagers and walkie-talkies

príomhoidí - head teachers/principals

míbhuntáiste - disadvantage

  continue reading

257 episodios

Artwork

21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

44 subscribers

published

iconCompartir
 
Todos los episodios

×
 
Loading …

Bienvenido a Player FM!

Player FM está escaneando la web en busca de podcasts de alta calidad para que los disfrutes en este momento. Es la mejor aplicación de podcast y funciona en Android, iPhone y la web. Regístrate para sincronizar suscripciones a través de dispositivos.

Guia de referencia rapida